home
source
npuTV
review
shop
events
resources
contact
about
the snug
sitemap
archive
news
join
 

An Béal Binn 

www.anbealbinn.com

 

Ceardlanna Amhránaíochta ar an Sean-Nós, 2010.

 

Tugann an Béal Binn Teo. cuireadh duit freastal ar cheithre cinn de cheardlanna Sean-Nóis, ceann in aghaidh na míosa, ó Eanáir go hAibreán, 2010.

 

Sonraí: 

Beidh na ceardlanna seo á reachtáil ar an dara Déardaoin gach mí, ag 8.00 pm in Óstán Ramada, Bré, Co. Chill Mhantáin.

 

Costas:  

Táille €60 an duine atá ar na ceithre cheardlanna.

 

 

Clárú: 

Le clárú, ní mór an t-airgead a chur i bhfoirm seic, nó bealach inglactha eile, chuig An Béal Binn Teo, Bosca Uimhir 114, Oifig an Phoist, Bré, Co. Chill Mhantáin, maraon le seoladh agus ainm an té atá ag iarraidh clárú.

 

Íoslíon:  

Chun gur féidir ceardlann a reachtáil, ní mór deichniúr, ar a laghad, a chlárú.

Uaslíon: 

Ní féidir glacadh le níos mó ná fiche duine ar shaotharlann ar bith áfach.

 

 

Spriocdháta:

Is é an spriocdháta le clárú ná 10 Nollaig, 2009.

 

 

Eolas:

Má tá a thuilleadh eolais uait, glaoigh ar Phádraig Ó Fearaíl ag 01-2862097.

 

 

Stiúrthóirí :

Is iad na hamhránaithe cáiliúla seo a leanas a bheidh i mbun na gceardlann:

 

Pádraig Ó Cearbhaill, 11 Eanáir, 2010.

As iarthar Co. Luimnigh é. Tá eolas fairsing aige ar Ghaeltacht na Rinne, 
sna Déise agus ar amhráin mhóra na dúiche sin.

 

Lillis Ó Laoire, 11 Feabhra, 2010.

As Dún na nGall dó.  Bhuaigh sé Corn Uí Riada.

 

Saileog Ní Cheannabháin, 11 Márta, 2010.

Díreoidh sí ar amhráin as Iorras Aithneach i gConamara.

 

Éilís Ní Shúilleabháin, 8 Aibreán, 2010.

Beidh sí ag trácht ar amhráin Mhúscraí agus ar an stór iontach

a d'fhág Eibhlís Bn. Uí Chróinín.

  home | source | npuTV | review | shop | events | resources | contact | about | the snug | sitemap | archive | news | join
Website by Host Ireland