| Constitution of Na Píobairí Uilleann |
Bunreacht Na Píobairí Uilleann |
| Na Píobairí Uilleann is the name of this association. |
Na Píobairí Uilleann an t-ainm atá ar an gcumann seo. |
| The main object of Na Píobairí Uilleann shall be the promotion generally of Irish music and the music of the uilleann pipes in particular. |
'Sé is príomhchuspóir do Na Píobairí Uilleann ceol dúchasach na hÉireann i gcoitinne agus ceol na píbe uilleann go sonrach a chur 'un chinn agus a chothú. |
|
Towards that end the association may: |
'Un na críche sin tig leis an gcumann: |
|
(i) Collect and preserve music for these pipes in any manner considered feasible by the Council; |
(i) Ceol na píbe seo a bhailiú agus a chaomhúint ar slí ar bith is cuí leis an gComhairle; |
|
(ii) Assemble materials and carry out research on the history of the pipes and pipers; |
(ii) Abhar i dtaobh stair na píbe agus na bpíobairí a bhailiú agus taighde a dhéanamh air; |
|
(iii) Issue from time to time a publication about piping and the affairs of the association; |
(iii) Foilseacháin i dtaobh na píobaireachta agus imeachtaí an chumainn a fhoilsiú ó uair go céile; |
|
(iv) Spread a knowledge of reedmaking and promote the making of pipes. |
(iv) Eolas ar dhéanamh rídeanna a chur ar fáil agus déantas na píbe a chur 'un tosaigh. |
|
Full membership of Na Píobairí Uilleann is restricted to Uilleann Pipers. Associate membership is open to any person not a piper, provided a simple majority of the Council is in favour of his/her admission. |
Píobairí uilleann amháin atá i dteideal a bheith ina lánbhaill den chumann. Is féidir le duine nach píobaire é bheith ina bhall caidrimh ar choinníoll go n-aontaíonn tromlucht na Comhairle lena leigint isteach sa gcumann. |
|
A Council consisting of the following officers - Chairman, Secretary and Treasurer - and four other members shall be responsible for conducting the affairs of the association. |
Comhairle arb iad na hoifigigh seo - Cathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir - agus ceathrar ball eile a líon a bhéas freagrathach as stiúrú agus riaradh Na Píobairí Uilleann. |
|
An annual convention of the association shall be held at a venue to be decided by a majority of the members. The officers and other members of the Council shall be elected at this convention. |
Beidh tionól bliantúil ann ar láthair a cheapfas tromlucht na mball. Ag an tionól seo freisin sea ceapfar na hoifigí agus baill eile na Comhairle don bhliain atá romhainn amach. |
|
Only full members over eighteen years of age have a right to vote. |
Ag lánbhaill amháin atá ós cionn 18 mbliana d'aois atá cead bhóta a chaitheamh. |
|
Only such members shall be eligible to serve on the Council. |
'Siad sin amháin a bhéas i dteideal fónamh ar an gComhairle. |
|
The Secretary shall present to the convention in writing a report on the proceedings of the association during the year then concluding. |
Cuirfidh an Rúnaí tuarascáil i scríbhinn ar imeachtaí na bliana atá caite i bhfianaise an tionóil. |
|
The Treasurer shall place before the convention a financial statement setting out in detail the items of expenditure and receipts of the year together with an account of the financial position of the association. |
Cuirfidh an Cisteoir i bhfianaise an tionóil ráiteas airgeadais a bhfuil mioneolas i dtaobh fáiltais agus caitheachais na bliana agus cúntas ar staid airgeadais an chumainn ann. |
|
Full members over eighteen years shall pay an annual subscription of £20. Other members shall pay an annual subscription of £10. Associate members shall pay an annual subscription of £20. |
Iochfaidh lánbhaill atá ós cionn 18 mbliana d'aois £20 mar tháille bhliantúil. Iochfaidh na lánbhaill eile £10 in aghaidh na bliana. £20 an táille bliantúil a bhéas le n-íoch ag na baill caidrimh. |